Márta i Rang 2A

Mar is eol daoibh bhí páistí Rang 2 an-ghnóthach i Mí Márta le Coicís na Gaeilge, Lá Fhéile Pádraig agus an Chéad Fhaoistin ach bhí imeachtaí eile ar siúl againn sa rang freisin. 

Rinne na páistí cártaí agus bláthanna deasa le haghaidh Lá na Máithreacha 💐

Bhí cóisir ag an rang chun an Chéad Fhaoistin a cheiliúradh agus chun ceiliúradh gur líon siad an cruiscín atá againn sa rang le stampaí, maith sibh a pháistí 🥳 

Bhí na páistí ag obair go dian freisin agus muid ag foghlaim faoi Toilleadh sa mhata 🚰