Mí na Samhna i Rang 2A

Bhí Mí na Samhna an-ghnóthach i Rang 2A. Bhí na páistí taobh amuigh sa pháirc spraoi do cheacht Mata nuair a bhí cruthanna 3-T ar siúl againn 🔴🔷🟪🔻

Bhí Seachtaine Eolaíocht againn freisin agus rinne na páistí héileacaptar páipéar agus chaith siad iad amach an fhuinneog chun iad a fheiceáil ag eitilt 🚁 Freisin d’fhás siad bogha báistí 🌈

Bhí an-spórt ag na páistí ar an lá Tír le Teanga a d’eagraigh Rang 6 agus bhí sár-Ghaeilge le chloisteáil ar fud na scoile! 😁🏀⚽️🎨💃🏼🕺🏼🪩☘️ Go raibh míle maith agaibh do Rang 6 agus Múinteoirí Rút, Colm agus Caoimhín as ucht an obair chrua ar fad chuir sibh isteach ann 🙌🏻

Tháinig na páistí ó Rang 5A chuig ár rang chun cabhrú le Rang 2A tionscnamh a dhéanamh faoin dtír atá acu sa Chorn Domhanda. D’úsáid na páistí na hiPads chun eolas a bhailiú agus d’fhoghlaim siad ar fad go leor faoi na tíortha áirithe 🌍🗺 Go raibh maith agaibh Rang 5 agus Múinteoir Aoife as ucht bhur gcabhair agus tá muid ag súil go mór le bhur gcéad chuairt eile 😄

Tharla rud éigin an-speisialta i Rang 2A an mhí seo freisin! Bhuaigh na páistí an dara duais ranga agus fuair siad trí iasc órga! Goldie, Bubbles agus Speedy is ainm dóibh agus táimid ar fad ar bís go bhfuil siad linn sa rang 😃👏🏻🐟🐠 Tá an t-ádh mór ar Rang 2A ach tá siad tuillte go maith acu 😇

Rinne na páistí go leor ealaín iontach chomh maith cosúil le phiongain, geansaí Nollaig, seachláid the agus ainmhithe a bhíonn san fhoraois bháistí 👏🏻