Oíche na nIarscoláirí 2022

Bhí Oíche na nIarscoláirí againn ar an Déardaoin an 24ú Samhain 2022. Bhíomar an-sásta na daoine óga agus a gcuid tuismitheoirí a fheiceáil ar an oíche. Bhí cóisir ann i dtosach agus ansin bronnadh teastas agus fáinne airgid ar na scoláirí.

Bronnadh Duais Mháirín Uí Iarnáin ar Emily Bhreathnach agus Aran Aresti Mac an Fhailigh. B’iad nia agus neacht Mháirín a bhronn an duais fhlaithiúil sin orthu.

Guímid chuile bheannacht oraibhse Rang a 6 2021-2022 agus sibh imithe amach sa saol uainn.

Bígí bródúil as an nGaeilge agus as Gaelscoil Dara i gcónaí.

Ár mbuíochas do Choiste na dTuistí agus do Michelle Uí Chiarba (Rúnaí na Scoile) as ucht na tréanoibre agus iad ag réiteach don cheiliúradh.