Oíche Shamhna i Rang 2A

Bhí spórt agus spraoi ag na páistí i Rang 2A ag ullmhú le haghaidh Oíche Shamhna 👏🏻🎃👻Rinne siad go leor ealaín iontach scanrúil! Chomh maith le sin rinne siad maisiúcháin den scoth don seomra rang freisin 👻🧙🏻‍♀️🚪

Freisin, rinne na páistí dráma beag ón leabhar Bun go Barr i ngrúpaí beaga agus bhain siad an-taitneamh agus spraoi as é seo 🎭👏🏻

Ar lá na laethanta saoire, ghléas na páistí suas ag teacht ar scoil agus bhí siad ag breathnú fíor scanrúil! 🧙🏻‍♀️🥷🏼🦸🏼‍♀️🦸🏼🧝🏼‍♀️🧛🏻‍♀️🧛🏼🧟‍♀️🧟🧜‍♀️🧚🏼‍♀️ 

Chuamar amach agus shiúl muid timpeall na scoile i Siúlóid na gCailleach agus bhain gach duine an-sult as an ócáid 👏🏻👏🏻